15 Agus tar éis dóibh é a thiomáint amach as an bhfíonghort, mharaigh siad é. Dá bhrí sin, cad a dhéanfaidh máistir an fhíonghoirt leo?
16 Tiocfaidh sé agus cuirfidh sé na curadóirí sin chun báis, agus tabharfaidh an fíonghort do dhaoine eile.” Ar a chloisteáil sin dóibh, dúirt siad: “Nárab ea!”
17 Ach bhreathnaigh sé orthu agus dúirt: “Murab ea, cad is ciall leis an rud úd atá scríofa:‘An chloch dár dhiúltaigh na saoir,rinne di ceann an chúinne’?
18 “Gach aon duine a thitfidh ar an gcloch sin, bascfar é, ach cibé a dtitfidh sí air, déanfaidh sí é a bhrú ina cháith.”
19 Agus b'fhonn leis na scríobhaithe agus le huachtaráin na sagart a lámha a leagan air an uair sin féin ach eagla an phobail a bheith orthu; óir bhí a fhios acu gur chucu féin a bhí sé nuair a labhair sé an parabal úd.
20 Ansin, ag faire na faille dóibh, chuir siad brathadóirí chuige a ligfeadh orthu bheith ina bhfíréin, chun go mbéarfaidís air ina chaint, ionas go dtabharfaí suas é do smacht agus d'údarás an ghobharnóra.
21 Chuir siad ceist air: “A Mháistir,” ar siad, “tá a fhios againn go labhraíonn tú agus go múineann tú an ceart, agus gur cuma leat duine seachas a chéile, ach tú ag múineadh slí Dé de réir na fírinne.