23 Ach thuig sé a gceilg agus dúirt leo:
24 “Taispeánaigí dom déanar. Cé hé a bhfuíl a íomhá air agus a inscríbhinn?” Dúirt siad: “Céasar.”
25 Dúirt sé leo: “Íocaigí le Céasar, mar sin, na nithe is le Céasar agus le Dia na nithe is le Dia.”
26 Agus níor fhéad siad breith air i bhfocal ar bith i bhfianaise an phobail, agus, ó b'ionadh leo a fhreagra, d'fhan siad ina dtost.
27 Tháinig chuige ansin cuid de na Sadúcaigh - iad seo a shéanann aiséirí a bheith ann -
28 agus chuir siad ceist air: “A Mháistir,” ar siad, “seo mar a d'ordaigh Maois dúinn sa scríbhinn: ‘Má bhíonn ag duine deartháir pósta a gheobhadh bás gan chlann, é féin a ghabháil na baintrí chun gin sleachta a thógáil dá dheartháir.’
29 Sea: bhí seachtar dearthár ann: phós an chéad duine agus fuair bás gan chlann.