29 Sea: bhí seachtar dearthár ann: phós an chéad duine agus fuair bás gan chlann.
30 An dara duine ansin,
31 agus an tríú duine, ghabh siad an bhaintreach, agus an seachtar ar fad mar an gcéanna; níor fhág siad sliocht agus fuair bás.
32 Sa deireadh, fuair an bhean féin bás.
33 San aiséirí, más ea, cé acu a mbeidh an bhean ina bean chéile aige? Óir bhí sí ina bean chéile ag an seachtar.”
34 Dúirt Íosa leo: “Gabhann clann an tsaoil seo fear céile nó bean chéile,
35 ach iad seo a mheasfar gur fiú iad an saol úd eile a shroicheadh agus an aiséirí ó mhairbh, ní ghabhann siad fear céile ná bean chéile;