3 Dúirt sé leo á bhfreagairt: “Tá ceist agamsa le cur oraibhse freisin: insígí dom:
4 An ó neamh nó ó dhaoine a tháinig baisteadh Eoin?”
5 Ach bhí siad ag suaitheadh an scéil eatarthu, á rá: “Má deirimid: ‘Ó neamh,’ déarfaidh sé: ‘Cad chuige nár chreid sibh ann?’
6 Ach má deirimid: ‘Ó dhaoine,’ gabhfaidh an pobal uile de chlocha orainn, óir is deimhin leo go raibh Eoin ina fháidh.”
7 Agus ba é freagra a thug siad, nach raibh a fhios acu cárbh as dó.
8 Dúirt Íosa leo: “Nílimse chun a insint daoibhse ach oiread cén t‑údarás atá agam leis na nithe seo a dhéanamh.”
9 Thosaigh sé ansin ag rá an pharabail seo leis an bpobal: “Phlandaigh duine fíonghort, agus chuir ar cíos chun curadóirí é, agus chuaigh ar an gcoigrích go cionn mórán aimsire.