37 Ach thug Maois féin le tuiscint na mairbh a éirí, sa dréacht úd faoin tor, mar a dtugann ar an Tiarna, Dia Abrahám agus Dia Íosác agus Dia Iacóib.
38 Ní hé Dia na marbh é, ach na mbeo; óir is dó is beo cách.”
39 Dúirt cuid de na scríobhaithe á fhreagairt: “A Mháistir, is maith a dúirt tú é!”
40 Óir níor leomh siad as sin amach ceist ar bith a chur air.
41 Dúirt sé leo ansin: “Conas is féidir a rá gur Mac do Dháiví an Críost?
42 Óir is é Dáiví féin a deir i Leabhar na Salm:‘Dúirt an Tiarna le mo Thiarna:Suigh ar mo dheis,
43 nó go gcuirfead do naimhde mar stól faoi do chosa.’