41 Dúirt sé leo ansin: “Conas is féidir a rá gur Mac do Dháiví an Críost?
42 Óir is é Dáiví féin a deir i Leabhar na Salm:‘Dúirt an Tiarna le mo Thiarna:Suigh ar mo dheis,
43 nó go gcuirfead do naimhde mar stól faoi do chosa.’
44 “Dá bhrí sin, glaonn Dáiví Tiarna air, agus cad a bheir ina mhac dó é?”
45 Agus i gcomhchlos don phobal uile dúirt sé lena dheisceabail:
46 “Seachnaígí na scríobhaithe, an dream arb áil leo a bheith ag siúl timpeall sna róbaí fada, agus gur gnaoi leo go mbeifí ag beannú dóibh sna háiteanna poiblí, agus na príomhshuíocháin sna sionagóga agus na príomhthoilg ag na fleánna;
47 an dream a ídíonn tithe na mbaintreach, ar scáth bheith ag déanamh urnaithe fada. Is daoire an bhreith a gheobhaidh siad seo.”