1 D'éirigh siad ansin, an comhthionól uile, agus sheol siad é i láthair Phioláit.
2 Thosaigh siad á chiontú á rá: “Fuaireamar é seo ag gríosadh ár náisiúin chun ceannairce, ag toirmeasc cíos a íoc le Céasar, agus ag rá gurb é féin Críost an rí.”
3 D'fhiafraigh Pioláit de: “An tusa Rí na nGiúdach?” Dúirt sé leis á fhreagairt: “Deir tú féin é.”
4 Dúirt Pioláit ansin le huachtaráin na sagart agus leis na sluaite: “Ní bhfaighim ciontacht ar bith sa duine seo.”
5 Ach ba dhéinide fós a n‑aitheasc siúd: “Bíonn sé ag corraí an phobail, ag teagasc ar fud Iúdáia go léir, ón nGailíl, mar ar thosaigh sé, go dtí an áit seo.”
6 Ar a chloisteáil sin do Phioláit, d'fhiafraigh sé ar Ghailíleach an duine,