25 scaoil sé saor é siúd a teilgeadh i bpríosún mar gheall ar an gcíréib agus ar an dúnmharú - an té a d'iarr siad - ach thug sé Íosa suas chun a dtola.
26 Agus iad á sheoladh leo, leag siad lámh ar dhuine áirithe, Síomón, Cuiréanach, a bhí ag teacht ón tuath, agus bhuail siad an chros air lena hiompar i ndiaidh Íosa.
27 Bhí slua mór den phobal á leanúint, mar aon le complacht ban a bhí ag mairgneach air agus á chaoineadh.
28 Ach d'iompaigh Íosa chucu seo agus dúirt: “A iníona Iarúsailéim, ná bígí ag gol mar gheall ormsa, ach déanaigí gol mar gheall oraibh féin agus ar bhur gclann.
29 Óir féach, tá na laethanta ag teacht nuair a déarfar: ‘Is méanar do na mná atá aimrid; do na broinnte nár rug agus do na cíocha nár thál.’
30 Ansin tosóidh siad ag rá leis na sléibhte: ‘Titigí orainn!’ agus leis na cnoic: ‘Folaigí sinn!’
31 Óir, más mar seo a dhéantar leis an adhmad glas, cad a bhainfidh don chríon!”