30 Ansin tosóidh siad ag rá leis na sléibhte: ‘Titigí orainn!’ agus leis na cnoic: ‘Folaigí sinn!’
31 Óir, más mar seo a dhéantar leis an adhmad glas, cad a bhainfidh don chríon!”
32 Bhí beirt choirpeach eile á seoladh mar aon leis chun a mbásaithe.
33 Nuair a bhí siad tagtha go dtí an áit ar a nglaotar an Cloigeann, chéas siad ansiúd é féin agus na coirpigh, duine acu ar a dheis agus an duine eile ar a chlé.
34 Dúirt Íosa: “A Athair, maith dóibh óir níl a fhios acu cad tá siad a dhéanamh.” Ansin, ag roinnt a chuid éadaigh eatarthu, chuir siad ar chrainn iad.
35 D'fhan an pobal ansiúd ag breathnú. Bhí na cinn urra féin ag dranngháire: “Shaor sé daoine eile,” deiridís, “saoradh sé é féin, más é Críost Dé, an té atá tofa.”
36 Agus rinne na saighdiúirí freisin fonóid faoi; ag teacht ag tabhairt fínéagair chuige