46 Agus ghlaoigh Íosa amach de ghlór ard agus dúirt: “A Athair, taobhaím mo spiorad i leith do lámh.” Agus ar a rá sin dó, shíothlaigh sé.
47 Nuair a chonaic an taoiseach céad cad a tharla, bhí sé ag tabhairt glóire do Dhia á rá: “Ba dhuine fíréanta an fear seo go deimhin.”
48 Agus na sluaite uile a bhí bailithe chun an radharc seo a fheiceáil, nuair a chonaic siad na nithe a tharla, chuaigh siad ar ais ag bualadh a n‑uchta.
49 Bhí a lucht aitheantais uile ina seasamh i bhfad uaidh, agus mná freisin a bhí tar éis é leanúint ón nGailíl agus a bhí ag breathnú ar na nithe sin.
50 Tháinig i láthair ansin fear darbh ainm Iósaef, ba bhall den chomhairle, duine maith fíréanta.
51 Níor thug sé seo aontú le hintinn ná le míghníomh na mball eile. As Airiomatáia dó, cathair Iúdach, agus é ag súil le ríocht Dé.
52 Chuaigh sé seo go dtí Pioláit agus d'iarr corp Íosa air.