6 Ar a chloisteáil sin do Phioláit, d'fhiafraigh sé ar Ghailíleach an duine,
7 agus nuair a fuair scéala gur as limistéar Héaród dó, chuir sé ag triall ar Héaród é, ó tharla in Iarúsailéim é sin freisin sna laethanta sin.
8 Bhí áthas ar Héaród Íosa a fheiceáil; b'é ab áil leis le fada radharc a fháil air, ó bheith ag cloisteáil trácht air, agus bhí sé ag súil le míorúilt éigin a fheiceáil á dhéanamh aige.
9 Chuir sé go leor ceisteanna air, ach níor thug seisean freagra ar bith air.
10 Uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe, áfach, bhí siad ansiúd á chiontú ar a ndícheall.
11 Chaith Héaród, é féin agus a gharda, drochmheas air agus rínne sé ceap magaidh de; ansin, tar éis dó é a ghléasadh faoi róba taibhseach, chuir sé ar ais go dtí Pioláit é.
12 Agus tháinig Héaród agus Pioláit chun bheith ina gcairde dá chéile an lá sin féin, óir bhídís in earraid le chéile roimhe sin.