2 Fuair siad an chloch iompaithe siar ón tuama;
3 ach ar dhul isteach ann dóibh, ní bhfuair siad corp an Tiarna Íosa.
4 Bhí ceist orthu faoin méid sin, ach lena linn sin bhí beirt fhear ansiúd láimh leo agus éadach dealraitheach orthu.
5 Ghlac na mná bíogadh agus chrom siad a gceann chun na talún, agus dúirt siadsan leo: “Cad a bheir daoibh a bheith ar lorg an bheo i measc na marbh?
6 Níl sé anseo: tá sé éirithe. Tugaigí chun cuimhne mar a labhair sé libh agus é fós sa Ghailíl,
7 mar a dúirt nárbh fholáir Mac an Duine a thabhairt ar láimh do pheacaigh, agus é a chéasadh, agus é a éirí an treas lá.”
8 Agus tháinig a bhriathra chun a gcuimhne.