27 Agus ag tosú dó ó Mhaois agus ó na fáithe uile, mhínigh sé dóibh na nithe a bhí sna scrioptúir uile mar gheall air féin.
28 Nuair a bhí siad i ngar don bhaile ar a raibh a dtriall, bhí de chuma air féin go raibh sé ag dul níos faide,
29 agus rinne siad tathant air á rá: “Fan againn, óir tá sé i mbéal tráthnóna agus an lá siar síos cheana féin.” Chuaigh sé isteach dá réir sin chun fanacht acu.
30 Agus ansin, nuair a bhí sé ag bord in éineacht leo, thóg sé an t‑arán agus bheannaigh, bhris sé ansin agus thug dóibh é.
31 Osclaíodh a súile agus d'aithin siad é; ach chuaigh sé ar neamhní uathu.
32 Agus dúirt siad le chéile: “Nach raibh ár gcroí ar lasadh ionainn le linn dó bheith ag labhairt linn feadh na slí, agus é ag nochtadh na scrioptúr dúinn?”
33 Chuir siad chun bóthair an uair sin féin agus chuaigh ar ais go Iarúsailéim. Fuair siad an t‑aon duine déag agus a gcompánaigh bailithe le chéile