39 Féachaigí mo lámha agus mo chosa, gur mé féin atá ann. Láimhseálaigí mé, agus tuigigí nach mbíonn feoil ná cnámha ag spiorad mar a fheiceann sibh atá agamsa.”
40 Á rá sin dó, thaispeáin sé dóibh a lámha agus a chosa.
41 Agus ó bhí siad gan a chreidiúint fós le barr áthais, agus iad ag déanamh ionadh de, dúirt sé leo: “An bhfuil rud ar bith anseo agaibh a d'íosfaí?”
42 Thug siad blúire d'iasc rósta dó.
43 Ghlac sé é agus d'ith ina láthair é.
44 Ansin dúirt sé leo: “Is iad seo na focail a labhair mé libh agus mé fós in bhur gcuideachta: ‘Ní foláir na nithe uile a chomhlíonadh atá scríofa mar gheall orm i ndlí Mhaois agus sna fáithe agus sna sailm.’ ”
45 Ansin d'oscail sé a n‑aigne chun go dtuigfidís na scrioptúir,