45 Ansin d'oscail sé a n‑aigne chun go dtuigfidís na scrioptúir,
46 agus dúirt sé leo: “Is amhlaidh sin atá scríofa, go bhfulaingeodh an Críost agus go n‑éireodh sé ó mhairbh an treas lá,
47 agus go mbeadh aithrí agus maithiúnas peacaí á bhfógairt ina ainm do na náisiúin uile, ag tosú ó Iarúsailéim.
48 Is finnéithe sibhse ar na nithe seo.
49 Agus táim féin, féach, chun a chur uaim anuas oraibh an ní a gealladh ag m'Athair. Ach fanaigí sibhse sa chathair nó go ngléasfar sibh i gcumhacht ó uachtar neimhe.”
50 Ansin sheol sé amach iad chomh fada le Béatáine, agus ag ardú a lámh dó, bheannaigh iad.
51 Agus le linn dó iad a bheannú, scar sé leo agus tógadh suas ar neamh é.