5 Ghlac na mná bíogadh agus chrom siad a gceann chun na talún, agus dúirt siadsan leo: “Cad a bheir daoibh a bheith ar lorg an bheo i measc na marbh?
6 Níl sé anseo: tá sé éirithe. Tugaigí chun cuimhne mar a labhair sé libh agus é fós sa Ghailíl,
7 mar a dúirt nárbh fholáir Mac an Duine a thabhairt ar láimh do pheacaigh, agus é a chéasadh, agus é a éirí an treas lá.”
8 Agus tháinig a bhriathra chun a gcuimhne.
9 Ar theacht ar ais dóibh ón tuama, d'inis siad an méid sin uile don aon duine déag agus don chuid eile go léir.
10 Ba iad siúd, Máire Mhaigdiléana, agus Ióanna, agus Máire máthair Shéamais. Na mná eile a bhí leo, dúirt siadsan freisin an méid sin leis na haspail.
11 Ach samhlaíodh dóibh sin nach raibh sna ráite úd ach seafóid agus níor chreid siad iad.