13 Dúirt sé leo: “Gan níos mó a éileamh ná a bhfuil ordaithe daoibh.”
14 D'fhiafraigh saighdiúirí de, freisin: “Agus cad tá le déanamh againne?” Agus dúirt sé leo: “Gan éigean a dhéanamh ar dhuine ar bith, ná dearbhú éithigh; agus sibh a bheith sásta le bhur bpá.”
15 Ó bhí an pobal ar fionraí, agus cách ag machnamh ina gcroí i dtaobh Eoin, go mb'fhéidir gurbh é an Críost é,
16 d'fhreagair Eoin á rá leo uile: “Táimse do bhur mbaisteadh le huisce, ach tá an té ag teacht atá níos treise ná mé, nach fiú mé iall a chuarán a scaoileadh; baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh agus le tine.
17 Tá a cháiteog ina láimh aige chun a láithreán a léirghlanadh agus an t‑arbhar a chruinniú isteach ina scioból, ach dóifidh sé an lóchán le tine dhomhúchta.”
18 Agus trína lán nithe eile fós a rá leo á spreagadh, bhí sé ag fógairt an dea-scéil don phobal.
19 Héaród an rí cúige, áfach, a fuair milleán uaidh faoi Héaróidias, bean a dhearthár, agus faoi na drochbhearta uile a bhí déanta aige,