3 Agus ghabh sé ar fud na tíre go léir timpeall na Iordáine ag fógairt bhaiste aithrí chun peacaí a mhaitheamh,
4 mar atá scríofa i leabhar ráite Íseáia fáidh:“Glór duine ag éamh san fhásach:‘Réitígí bóthar an Tiarna,déanaigí díreach a chasáin.
5 Líonfar gach cumar,agus ísleofar gach sliabh agus cnocán;déanfar na camshlite díreachagus na bóithre anacra réidh,
6 agus feicfidh an uile cholainn slánú Dé.’ ”
7 Dúirt sé ansin leis na sluaite a bhí ag teacht amach chun baiste a fháil uaidh: “A sceith na bpéisteanna, cé a thug leid daoibh teitheadh ón díbheirg atá le teacht?
8 Tugaigí, más ea, torthaí uaibh is dual don aithrí. Agus aire daoibh gan a rá libh féin: ‘Tá Abrahám ina athair againn,’ óir deirim libh gur féidir le Dia clann d'Abrahám a thógáil as na clocha seo.
9 Anois féin, tá an tua le fréamh na gcrann, agus gach crann nach dtugann toradh fónta uaidh, gearrfar anuas agus caithfear sa tine é.”