13 Agus tar éis don diabhal é a phromhadh i ngach slí, d'fhág sé é nó go dtiocfadh an uain.
14 Agus d'fhill Íosa le neart an Spioraid ar an nGailíl, agus leath a cháil ar fud na tíre go léir.
15 Agus bhíodh sé ag teagasc ina sionagóga, agus moladh ó chách air.
16 Tháinig sé go Nazará, mar ar oileadh é, agus chuaigh isteach mar ba ghnáthbhéas dó sa tsionagóg lá na sabóide, agus d'éirigh ina sheasamh chun an léitheoireacht a dhéanamh.
17 Síneadh chuige leabhar Íseáia fáidh, agus ar oscailt an leabhair dó, fuair sé an t‑ionad ina raibh scríofa:
18 “Tá Spiorad an Tiarna orm, mar gur choisric le hola mé.Chuir sé uaidh mé ag tabhairt an dea-scéil do na boicht,ag fógairt a scaoilte do bhránnaagus aiseag a radhairc do dhaill;ag scaoileadh lucht géarbhroide saor;
19 ag fógairt bhliain ghrásta an Tiarna.”