16 Tháinig sé go Nazará, mar ar oileadh é, agus chuaigh isteach mar ba ghnáthbhéas dó sa tsionagóg lá na sabóide, agus d'éirigh ina sheasamh chun an léitheoireacht a dhéanamh.
17 Síneadh chuige leabhar Íseáia fáidh, agus ar oscailt an leabhair dó, fuair sé an t‑ionad ina raibh scríofa:
18 “Tá Spiorad an Tiarna orm, mar gur choisric le hola mé.Chuir sé uaidh mé ag tabhairt an dea-scéil do na boicht,ag fógairt a scaoilte do bhránnaagus aiseag a radhairc do dhaill;ag scaoileadh lucht géarbhroide saor;
19 ag fógairt bhliain ghrásta an Tiarna.”
20 D'fhill sé an leabhar ina chéile, thug ar ais don seirbhíseach é, agus shuigh. Agus bhí súile a raibh sa tsionagóg dlúite air.
21 Agus thosaigh sé ag rá leo: “Inniu atá an scríbhinn seo comhlíonta i gclos bhur gcluas.”
22 Agus thug cách fianaise air, b'ionadh leo na briathra grástúla a bhí ag teacht as a bhéal, agus deiridís: “Nach é mac Iósaef é seo?”