28 Agus a raibh sa tsionagóg, nuair a chuala siad an méid sin, líon siad d'fheirg,
29 agus d'éirigh siad agus thiomáin amach as an gcathair é agus sheol é go dtí mala an chnoic ar a raibh a gcathair tógtha chun é a chaitheamh le faill.
30 Ach ghabh sé trína lár agus d'imigh leis.
31 Chuaigh sé síos go Cafarnáum, cathair sa Ghailíl. Agus bhí sé á dteagasc lá sabóide.
32 Agus ghabh iontas iad faoina theagasc, óir bhí údarás lena bhriathar.
33 Bhí sa tsionagóg duine a raibh spiorad deamhain mhíghlain ann, agus scread sé amach de ghlór ard:
34 “Há, cad ab áil leat dínn, a Íosa Nazairéanaigh? Ar tháinig tú chun sinn a mhilleadh? Is eol dom cé hé tú: Naomh Dé.”