32 Agus ghabh iontas iad faoina theagasc, óir bhí údarás lena bhriathar.
33 Bhí sa tsionagóg duine a raibh spiorad deamhain mhíghlain ann, agus scread sé amach de ghlór ard:
34 “Há, cad ab áil leat dínn, a Íosa Nazairéanaigh? Ar tháinig tú chun sinn a mhilleadh? Is eol dom cé hé tú: Naomh Dé.”
35 Agus dúirt Íosa leis go bagrach: “Bí i do thost, agus imigh amach as.” Agus theilg an deamhan ar lár os comhair chách é agus d'imigh amach as, gan dochar a dhéanamh dó.
36 Agus bhí alltacht ar chách agus bhí siad ag caint eatarthu féin a rá: “Cad é mar bhriathar é seo? Óir fógraíonn sé ar na spioraid mhíghlana le húdarás agus le cumhacht, agus gabhann siad amach.”
37 Agus leath a chlú i ngach áit ar fud na tíre.
38 Ar fhágáil na sionagóige dó, chuaigh sé isteach i dteach Shíomóin. Bhí máthair chéile Shíomóin gafa ag taom trom fiabhrais, agus rinne siad achainí air ar a son.