8 Dúirt Íosa leis á fhreagairt: “Tá scríofa: ‘Adharfaidh tú an Tiarna do Dhia, agus is dó amháin a bheidh tú ag seirbhís.’ ”
9 Ansin sheol sé go Iarúsailéim é, chuir sé ar bhinn an Teampaill é agus dúirt leis: “Más tú Mac Dé, caith tú féin as seo síos;
10 óir tá scríofa: ‘Tabharfaidh sé ordú dá aingil mar gheall ort, chun go ngardálfaidís tú’;
11 agus: ‘Iompróidh siad ina lámha tú, le heagla go mbuailfeá do chos faoi chloch.’ ”
12 Dúirt Íosa leis á fhreagairt: “Tá ráite: ‘Ní bhainfidh tú triail as an Tiarna do Dhia.’ ”
13 Agus tar éis don diabhal é a phromhadh i ngach slí, d'fhág sé é nó go dtiocfadh an uain.
14 Agus d'fhill Íosa le neart an Spioraid ar an nGailíl, agus leath a cháil ar fud na tíre go léir.