18 Tháinig fir an treo agus iad ag iompar ar leaba duine a bhí ina phairiliseach, agus bhí siad ag iarraidh é a bhreith isteach agus é a chur ina láthair.
19 Nuair nach bhfuair siad slí chun é a bhreith isteach mar gheall ar an slua, chuaigh siad in airde ar an teach agus scaoil síos trí na leaca é féin agus an réleaba i lár baill os comhair Íosa.
20 Nuair a chonaic sé an creideamh a bhí acu, dúirt: “A dhuine, tá do pheacaí maite duit.”
21 Agus thosaigh na scríobhaithe agus na Fairisínigh ag smaoineamh: “Cé hé seo a labhraíonn diamhaslaí? Cé a fhéadann peacaí a mhaitheamh ach Dia amháin?”
22 Ach thuig Íosa na smaointe a bhí acu, agus dúirt sé leo á bhfreagairt: “Cad chuige a bhfuil na smaointe seo in bhur gcroí?
23 Cé acu is fusa a rá: ‘Tá do pheacaí maite duit’; nó a rá: ‘Éirigh agus siúil’?
24 Ach chun go mbeadh a fhios agaibh go bhfuil údarás ag Mac an Duine ar an talamh chun peacaí a mhaitheamh - deirim leat,” ar seisean leis an bpairiliseach, “éirigh, tóg leat do réleaba, agus imigh abhaile.”