36 Agus dúirt sé parabal leo: “Ní shracann aon duine píosa as casóg nua lena chur mar phreabán ar sheanchasóg: má dhéanann, beidh an chasóg nua sractha aige, agus fós ní réiteoidh an preabán as an gcasóg nua leis an sean.
37 Ná ní chuireann aon duine fíon nua i seanseithí: má chuireann, pléascfaidh an fíón nua na seithí; doirtfear an fíon agus millfear na seithí.
38 Ach fíon nua i seithí nua is cóir a chur.
39 Agus ní áil le haon duine an nua tar éis dó an sean a ól; óir deir sé: ‘Is é an sean an fíon maith.’ ”