6 Nuair a rinne siad é sin, cheap siad clais mhór éisc. Bhí a gcuid líonta ag briseadh,
7 agus sméid siad ar a gcomrádaithe sa bhád eile teacht i gcabhair orthu. Tháinig siad agus líon an dá bhád nó go raibh siad ar tí dul faoi.
8 Nuair a chonaic Síomón Peadar é sin, chaith sé é féin ag glúine Íosa ag rá: “Imigh uaim, a Thiarna, mar is peacach mé.”
9 Óir ghabh alltacht é féin agus a chompánaigh uile faoin ngabháil éisc a thóg siad
10 agus mar an gcéanna do Shéamas agus d'Eoin, clann Zeibidé, a bhí i bpáirt le Síomón. Agus dúirt Íosa le Síomón: “Ná bíodh eagla ort, as seo amach is daoine a bheidh tú a ghabháil.”
11 Agus tharraing siad na báid aníos ar an trá, d'fhág siad gach uile ní agus lean é.
12 I gcathair áirithe dó, tharla fear ann a bhí lán de lobhra: agus ar fheiceáil Íosa dó, chaith sé é féin ar a bhéal agus rinne impí air á rá: “A Thiarna, más áil leat é, is féidir duit mé a ghlanadh.”