16 Thóg sé na cúig builíní agus an dá iasc, agus, ar dhearcadh suas chun na bhflaitheas dó, bheannaigh iad agus bhris agus thug do na deisceabail iad le cur os comhair an tslua.
17 D'ith siad uile agus bhí siad sách, agus tógadh suas an fuílleach: dhá chiseán déag de bhruscar.
18 Aon lá amháin agus é i leataobh ag guí agus na deisceabail in éineacht leis, d'fhiafraigh sé díobh: “Cé hé a deir na sluaite mise?”
19 Dúirt siad á fhreagairt: “Eoin Baiste; ach cuid eile acu Éilias, cuid eile gur fáidh éigin de na sinsir atá aiséirithe.”
20 Dúirt sé leo: “Ach cé hé a deir sibhse mé?” Agus dúirt Peadar á fhreagairt: “Críost Dé.”
21 Ach d'ordaigh sé dóibh go géar gan é seo a rá le haon duine,
22 agus dúirt: “Ní foláir do Mhac an Duine mórán a fhulaingt, agus an diúltú a fháil ó na seanóirí agus ó uachtaráin na sagart agus ó na scríobhaithe, agus a chur chun báis, agus éirí an treas lá.”