29 Agus sa ghuí dó, tháinig athrach cló ar a ghnúis agus d'éirigh a chuid éadaigh gléigeal lonrach.
30 Agus bhí beirt fhear ag agallamh leis - b'iad Maois agus Éilias iad -
31 agus chonacthas i nglóir iad ag caint faoina imeacht as an saol, rud a bhí le tabhairt chun críche aige in Iarúsailéim.
32 Bhí Peadar agus a chompánaigh trom le codladh, ach d'fhan siad ina ndúiseacht agus chonaic siad a ghlóir agus an bheirt a bhí ansiúd in éineacht leis.
33 Agus ansin, le linn dóibh seo bheith ag scaradh leis, dúirt Peadar le Íosa: “A Mháistir, is maith mar a tharla anseo sinn: déanaimis trí bothanna, ceann duit féin, ceann do Mhaois agus ceann d'Éilias” - agus gan a fhios aige cad a bhí sé a rá.
34 Ach nuair a bhí sé ag rá an méid sin, tháinig scamall, agus bhí sé ina scáil anuas orthu, agus bhí uamhan orthu nuair a d'imigh siad siúd isteach sa scamall.
35 Agus tháinig glór as an scamall ag rá: “Is é seo mo Mhac, an té is togha liom; éistigí leis!”