32 Bhí Peadar agus a chompánaigh trom le codladh, ach d'fhan siad ina ndúiseacht agus chonaic siad a ghlóir agus an bheirt a bhí ansiúd in éineacht leis.
33 Agus ansin, le linn dóibh seo bheith ag scaradh leis, dúirt Peadar le Íosa: “A Mháistir, is maith mar a tharla anseo sinn: déanaimis trí bothanna, ceann duit féin, ceann do Mhaois agus ceann d'Éilias” - agus gan a fhios aige cad a bhí sé a rá.
34 Ach nuair a bhí sé ag rá an méid sin, tháinig scamall, agus bhí sé ina scáil anuas orthu, agus bhí uamhan orthu nuair a d'imigh siad siúd isteach sa scamall.
35 Agus tháinig glór as an scamall ag rá: “Is é seo mo Mhac, an té is togha liom; éistigí leis!”
36 Agus le macalla an ghlóir, fuarthas Íosa ina aonar. Ach d'fhan na deisceabail ina dtost agus níor inis siad d'aon duine sna laethanta sin aon ní dá raibh feicthe acu.
37 Lá arna mhárach, ar theacht anuas dóibh ón sliabh, tháinig slua mór faoina dhéin.
38 Agus bhí duine den slua d'éigh amach: “A Mháistir, iarraim ort dearcadh le fabhar ar mo mhac, óir níl agam ach é,