4 Agus cibé teach a rachaidh sibh isteach ann, cuirigí fúibh ann agus leanaigí oraibh as sin.
5 Agus maidir leo seo nach nglacann sibh, ag dul amach as an gcathair sin daoibh, croithigí an deannach de bhur gcosa mar fhianaise ina n‑aghaidh.”
6 Agus chuir siad chun bóthair agus ghabh siad ó bhaile go baile ag fógairt an dea-scéil agus ag leigheas i ngach uile áit.
7 Chuala Héaród, an rí cúige, faoi na nithe uile a bhí ag titim amach, agus bhí mearbhall air de bhrí go raibh sé de scéal ag daoine áirithe gurbh é Eoin a bhí tar éis éirí ó mhairbh;
8 ag daoine eile, Éilias a bheith á thaibhsiú, ag daoine eile fós, fáidh éigin de na sinsir a bheith aiséirithe.
9 Ach dúirt Héaród: “Maidir le hEoin, bhain mé féin an ceann de; ach cé hé an duine seo a gcluinim tuairiscí mar iad seo air?” Agus bhí sé ag iarraidh radharc a fháil air.
10 Tháinig na haspail ar ais agus thug scéala dó ar a raibh déanta acu. Agus rug sé leis iad agus chuaigh i leataobh san uaigneas i dtreo cathrach ar a nglaotar Béatsáide.