42 Agus le linn dó bheith ag teacht chuige, theilg an deamhan ar lár é agus bhain rachtaí as go dolba. Ach bhagair Íosa ar an spiorad míghlan, agus leigheas sé an t‑ógánach agus thug ar ais dá athair é.
43 Agus ghabh iontas cách faoi mhórgacht Dé.Agus nuair ab ionadh le cách a raibh á dhéanamh aige, dúirt sé lena dheisceabail:
44 “Gabhaigí chugaibh na briathra seo in bhur gcluasa, óir tá Mac an Duine le tabhairt ar láimh do dhaoine.”
45 Ach níor thuig siad an focal sin; bhí a bhrí ceilte orthu ionas nach bhfeicfidís é, agus bhí eagla orthu ceist a chur air mar gheall ar an bhfocal sin.
46 Tháinig sé ina n‑aigne a fhiafraí cé acu díobh ba mhó.
47 Ach bhí a fhios ag Íosa an smaoineamh a bhí ina gcroí, agus thóg sé leanbh agus chuir ina sheasamh é láimh leis,
48 agus dúirt leo: “Cibé a ghlacfaidh an leanbh seo i m'ainm, is mise a ghlacann sé, agus cibé a ghlacfaidh mise, glacann sé an té a chuir uaidh mé. Óir, an té is lú eadraibh uile, sin é an té atá mór.”