9 Ach dúirt Héaród: “Maidir le hEoin, bhain mé féin an ceann de; ach cé hé an duine seo a gcluinim tuairiscí mar iad seo air?” Agus bhí sé ag iarraidh radharc a fháil air.
10 Tháinig na haspail ar ais agus thug scéala dó ar a raibh déanta acu. Agus rug sé leis iad agus chuaigh i leataobh san uaigneas i dtreo cathrach ar a nglaotar Béatsáide.
11 Ach ó bhí a fhios sin ag na sluaite, lean siad é; agus chuir sé fáilte rompu agus bhí ag caint leo faoi ríocht Dé, agus ag leigheas na ndaoine a bhí i ngá a leigheasta.
12 Bhí an lá ag druidim siar, áfach, agus tháinig an dáréag chuige agus dúirt leis: “Scaoil uait an slua, go dtéidís isteach sna bailte agus sna feirmeacha mórthimpeall agus lóistín agus lón bia a fháil, óir is áit uaigneach é seo ina bhfuilimid.”
13 Ach dúirt sé leo: “Tugaigí sibhse rud le hithe dóibh.” Dúirt siad: “Níl againn ach cúig builíní agus dhá iasc, ach mura dtéimid féin ag ceannach bia don chomhthionól seo uile” -
14 óir bhí timpeall cúig mhíle fear ann. Dúirt sé lena dheisceabail: “Cuirigí ina luí fúthu ina mbuíonta iad, timpeall caoga sa bhuíon.”
15 Rinne siad amhlaidh: iad uile a chur ina luí fúthu.