12 Beannaigí don teach ag dul isteach ann daoibh.
13 Agus más fiú an teach é, tagadh an tsíocháin is agaibhse air; ach mura fiú é bhur síocháin a bheith aige, filleadh bhur síocháin oraibh ar ais.
14 Agus mura gcuireann duine fáilte romhaibh agus mura dtugann sé éisteacht do bhur mbriathra, croithigí an deannach de bhur gcosa nuair a fhágas sibh an teach úd nó an baile úd.
15 Deirim go fírinneach libh, is éadroime an bhreith a thabharfar ar thír Shodóim agus ar Ghomora lá an bhreithiúnais ná an bhreith a thabharfar ar an mbaile úd.
16 “Seo mé do bhur gcur amach uaim mar chaoirigh i measc mac tíre; bígí mar sin chomh glic le nathracha nimhe agus chomh soineanta le coilm.
17 Seachnaígí na daoine; nó cuirfidh siad i lámha comhairlí sibh, agus beidh siad do bhur sciúrsáil ina sionagóga,
18 agus tarraingeoidh siad leo sibh os comhair na n‑uachtarán agus na ríthe mar mhaithe liomsa, le fianaise a thabhairt os a gcoinne siúd agus os coinne na nGintlithe.