Matha 28 OC1970

1 Anois nuair a bhí an tsabóid beagnach thart, agus an chéad lá den tseachtain ag bánú, chuaigh Muire Mhaghdalénach agus an Mhuire eile a amharc ar an tuama.

2 Agus b'shiúd crith talaimh mór: aingeal ó Dhia ag tuirlingt ó neamh agus ag iontú na cloíche siar agus ag suí uirthi.

3 A ghnúis mar chaor thine agus a bhaill éadaigh ar ghile an tsneachta.

4 Leis an eagla a bhí orthu roimhe chuaigh na gardaí ar bharr amháin creatha agus thit mar mhairbh in áit na mbonn.

5 Ach dúirt an t‑aingeal leis na mná, “Ná bíodh eagla oraibh; mar tá a fhios agam go bhfuil sibh ag iarraidh Íosa a céasadh.

6 Nil sé anseo, mar tá sé i ndiaidh éirí mar a dúirt sé. Tagaigí go bhfeice sibh an áit a raibh sé ina luí.

7 lmígí ansin go tapaidh agus insígí dá dheisceabail go bhfuil sé i ndiaidh éirí ó mhairbh, agus féachaigí, tá sé ag dul romhaibh go Galailí; is ansin a fheicfeas sibh é. Seo, tá sé inste agam daoibh.”

8 D'imigh siad ón tuama faoi dheifir mar sin agus eagla agus móráthas orthu, agus rith siad lena insint dá dheisceabail.

9 Agus féach, tháinig Íosa ina n‑airicis agus dúirt sé, “Fáilte!” Agus tháinig siad aníos chuige gur rug ar a chosa agus gur adhair siad é.

10 Dúirt Íosa leo ansin, “Ná bíodh eagla oraibh; imígí agus tugaigí scéal chuig mo bhráithre go gcaithfidh siad dul go Galailí, agus go bhfeicfidh siad ansin mé.”

11 Nuair a bhí siadsan ag siúl, d'imigh cuid den gharda isteach sa chathair gur inis siad ar tharla uile do na hard­sagairt.

12 Tháinig siad le chéile iadsan agus na seanóirí agus ghlac siad comhairle, agus ansin thug siad lán cráige d'airgead do na saighdiúirí

13 agus dúirt, “Insígí do dhaoine gur tháinig a dheisceabailsean san oíche nuair a bhí sibhse in bhur gcodladh agus gur ardaigh siad leo é.

14 Agus má mhothaíonn an t‑uachtarán aon iomrá air sin, beidh leithscéal éigin againne dó a thabharfas as an gcruachás sibh.”

15 Mar sin ghlac siad leis an airgead uathu agus rinne siad mar a bhí ordaithe dóibh; agus tá an scéal sin scaipthe i measc na nGiúdach go dtí an lá seo.

16 Chuaigh an t‑aon deisceabal déag ansin go Galailí, go dtí an sliabh a bhí ainmnithe ag Íosa.

17 Agus nuair a chonaic siad é, thug siad adhradh dó; ach bhí cuid acu in amhras.

18 Agus tháinig Íosa agus dúirt sé leo, “Bronnadh orm an uile údarás ar neamh agus ar talamh.

19 Siúlaigí libh mar sin a dhéanamh deisceabal as na náisiúin uile, á mbaisteadh in ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh,

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28