Matha 2 OC1970

1 Anois nuair a tháinig Íosa ar an saol i mBétlehem in Iúdaea i laethanta an rí Iorua, b'shiúd draoithe ón Domhan Thoir a tháinig go hIarúsailéim agus iad ag fiafraí,

2 “Cá bhfuil an rí seo na nGiúdach atá tar éis teacht ar an saol? Mar táimid i ndiaidh a réalta a fheiceáil sa Domhan Thoir agus a theacht anseo lena adradh.”

3 Nuair a chuala an rí Iorua sin, bhí coscairt intinne air féin, agus ar mhuintir Iarúsailéim uile maraon leis;

4 agus chruinnigh sé a raibh ann d'ardsagairt agus de scríobhaithe sa phobal, gur fhiafraigh díobh cá háit a raibh an Críost le teacht ar an saol.

5 Ba é rud a d'inis siad dó, “I mBétlehem Iúdaea; mar is mar seo atá scríofa ag an bhfáidh:

6 ‘Agus tusa, a Bhétlehem, i dtír Iúda,ní tú is lú ar cheannfoirt Iúda;mar is asat a thiocfas an rialtóira rialós mo phobalsa Iosrael.’”

7 Chuir Iorua ansin fios ar na draoithe os íseal gur fhionnaigh uathu cá huair a chonacthas an réalta;

8 agus chuir uaidh go Bétlehem iad, agus dúirt leo, “Cuirigí tuairisc an linbh go dícheallach, agus nuair a gheobhas sibh é, cuirigí scéal chugamsa, go dtaga mé féin á adhradh freisin.”

9 D'imigh siad leo i ndiaidh sin a chluinstin ón rí; agus b'shiúd an réalta a chonaic siad sa Domhan Thoir ag imeacht rompu, gur sheas sí os cionn na háite a raibh an leanbh.

10 Nuair a chonaic siad an réalta, bhí lúcháir agus lánáthas orthu;

11 agus chuaigh siad isteach sa teach go bhfaca an leanbh agus Muire a mháthair, agus thit siad síos roimhe á adhradh. D'oscail siad a gcistí ansin, gur thug siad bronntanais dó, ór agus túis agus miorr.

12 Fuair siad rabhadh i mbrionglóid gan filleadh ar Iorua, agus mar sin d'imigh siad leo chun a dtíre féin ar shlí eile.

13 Nuair a bhí siadsan ar shiúl, b'shiúd aingeal ón Tiarna á thaispeáint féin do Iósaf i mbrionglóid agus á rá leis, “Éirigh, agus beir an leanbh agus a mháthair leat, agus éalaigh go dtí an Éigipt, agus fan ansin nó go gcuire mé scéala chugat; mar tá Iorua ar tí dul ar thóir an linbh lena scriosadh.”

14 Agus d'éirigh sé agus rug an leanbh agus a mháthair leis san oíche, gur thug an Éigipt air féin,

15 agus gur fhan ansin go bhfuair Iorua bás. Tharla sin leis an méid a labhair an Tiarna ó bhéal an fháidh a chomhlíonadh, “Ghlaoigh mé ar mo mhac a theacht aniar as an Éigipt.”

16 Nuair a chonaic Iorua an cleas a d'imir na draoithe air, bhí sé ar buile, agus chuir sé fir uaidh agus mharaigh sé gach páiste fir a bhí i mBétlehem agus sa cheantar ina thimpeall agus a bhí faoi dhá bhliain d'aois, de réir an ama a d'fhionn sé ó na draoithe.

17 Is ansin a comhlíonadh an briathar a labhraíodh ó bhéal an fháidh Ierimía:

18 “Chualathas an glór i Ráma,ag mairgneach agus ag caoineadh go hard,Rachél ag caoineadh a clainne;agus ag diúltú don sólás,ó nach bhfuil siad ann.”

19 Ach nuair a fuair Iorua bás, thaispeáin aingeal ón Tiarna é féin i mbrionglóid do Iósaf san Éigipt,

20 agus dúirt sé leis, “Éirigh, agus beir leat an leanbh agus a mháthair, agus imigh go tír Iosrael, mar is marbh iad na daoine úd a bhí ag iarraidh an leanbh a chur chun báis.”

21 Agus d'éirigh sé agus rug sé leis an leanbh agus a mháthair, agus chuaigh sé go Tír Iosrael.

22 Ach nuair a chuala sé go raibh Arceláus ina rí ar Iúdaea in áit a athar Iorua, níor lig an eagla dó dul ansin, ach ba é rud, fuair sé rabhadh i mbrionglóid a thug air dul i leataobh go críocha Ghalailí.

23 Agus chuaigh sé a chónaí i gcathair ar tugadh Nasair air, go gcomhlíonfaí a ndúirt na fáithe, “Gairfear Nasarach de.”

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28