Matha 11 OC1970

1 Nuair a bhí críoch curtha ag Íosa ar an teagasc a thug sé dá dháréag deisceabal, shiúil sé ar aghaidh ansin a theagasc agus a sheanmóireacht ina gcathracha.

2 Nuair a chuala Eoin iomrá ar ghníomhartha an Chríost, agus é sa phriosún, chuir sé scéal chuige lena dheisceabail féin

3 ag fiafraí de, “An tú an té atá le teacht, nó an mbeidh súil againn le duine nach tú?”

4 Agus ba é an freagra a thug Íosa orthu, “Imigí agus insígí d'Eoin a gcluineann sibh agus a bhfeiceann sibh:

5 faigheann na daill a radharc agus tá na ciothramaigh ag siúl, glantar na lobhair agus cluineann na bodhráin, tógtar na mairbh, agus fógraítear an dea-scéal do na boicht.

6 Agus is beannaithe an té nach nglacann scannal liom.”

7 Nuair a bhí siadsan ag imeacht, thosaigh Íosa ag cur síos ar Eoin leis na sluaite: “Cad é an rud é a ndeachaigh sibh amach ar an bhfásach le hamharc a fháil air? Giolcach á luascadh le gaoth?

8 Ach cad chuige a ndeachaigh sibh amach? An le fear a fheiceáil a mbíodh éadaí míne air? Ach is i dtithe na ríthe a bhíos lucht an éadaigh mhín.

9 Cad chuige mar sin a ndeachaigh sibh amach? Le fáidh a fheiceáil? Is ea, agus ní is mó, deirim libh, ná fáidh.

10 Is é sin an té a bhfuil sé scríofa faoi,‘Féach, cuirim mo theachtaire ar do bhealach,a réiteos do shlí romhat.’

11 Deirim libh go fíor nach raibh mac ag máthair riamh a ba mhó ná Eoin Baiste; ach ní fhágann sin nach mó ná é an té is lú i ríocht na bhflaitheas.

12 Ó laethanta Eoin Bhaiste go dtí anois tá foréigean á imirt ar ríocht na bhflaitheas, agus lucht an fhoréigin á éigniú.

13 Mar bhíodh na fáithe uile agus an dlí ag déanamh fáistine go dtí gur tháinig Eoin;

14 agus más toil libh glacadh leis uaim, is é sin Elía a bhí le teacht.

15 An té a bhfuil cluasa aige le héisteacht, éisteadh sé.

16 “Ach cé an tsamhail a thabharfaidh mé don ghlúin seo?Is í an tsamhail atá orthu, páistí ina suí i sráid an mhargaidh agus ag glaoch ar na páistí eile atá ag súgradh leo,

17 ‘Sheinneamar na píobaí daoibh, agus ní dhearna sibh damhsa;rinneamar mairgneach, agus ní dhearna sibh brón.’

18 Mar tháinig Eoin gan é ag ithe ná ag ól, agus deir siad ‘Tá deamhan ina chorp’;

19 agus tháinig Mac an duine agus é ag ithe agus ag ól, agus is é a deir siad, ‘Seo craosaire bia agus pótaire fíona, seo cara na mbailitheoirí cánacha agus na bpeacach!’ Ach tugann a bearta a ceart don eagnaíocht.”

20 Ba ansin a thosaigh sé ar cháineadh na gcathracha ba mhó a ndearna sé móroibreacha iontu, as siocair gan aithrí a bheith orthu.

21 “Mo chreach tú, a Chorasin! Mo bhrón tú, a Bhétsáida! Dá mba i dTior nó i Siodón a dhéantaí na móroibreacha a rinneadh ionaibhse, bheadh a aithreachas déanta acu fad ó shin agus saicéadach agus luaithreach orthu.

22 Ach deirimse libh, is éadroime a bheifear lá an bhreithiúnais ar Thoir agus ar Shiodón ná oraibhse.

23 Agus tusa, a Chaparnáum, an ardófar go neamh thú? Is é rud, ísleofar go Háidéas thú. Mar dá mba i Sodóm a dhéantaí na móroibreacha a rinneadh ionatsa, bheadh sé ag fanacht ina sheasamh go dtí an lá inniu.

24 Ach deirimse libh gur éadroime an bhreith a thabharfar lá an bhreithiúnais ar Thír Shodóim ná an bhreith a thabharfar ort.”

25 Is san am sin a dhearbhaigh Íosa, “Beirim buíochas leat, a Athair, a Thiarna neimhe agus talaimh, gur cheil tú na nithe seo ar lucht na heagna agus na tuisceana agus gur nocht tú do na leanbáin iad;

26 is ea, bhí sin amhlaidh, a Athair, ba é sin do thoil agus do dheoin.

27 Tá gach uile ní tugtha uaidh i mo láimh ag m'Athairse; agus ní aithnid an Mac d'aon duine ach don Athair, agus ní aithnid an tAthair d'aon duine ach don Mhac agus duine ar bith a dtoilíonn an Mac a nochtadh dó.

28 Tagaigí chugamsa, a dhream úd a mbíonn saothar mór agus ualaí troma oraibh, agus tabharfaidh mé suaimhneas daoibh.

29 Tagaigí faoi mo chuing, agus glacaigí le mo theagasc; mar is caoin uiríseal mo chroí, agus gheobhaidh sibh suaimhneas anama agam.

30 Is cuing éasca mo chuingse, agus is éadrom an t‑ualach m'ualachsa.”

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28