Matha 3 OC1970

1 Ba sna laethanta úd a tháinig Eoin Baiste, ag seanmóireacht i bhfásach Iúdaea,

2 “Déanaigí aithrí, mar tá ríocht na bhflaitheas i bhfogas daoibh.”

3 Mar is é sin an té ar labhair an fáidh Ísáia air nuair a dúirt sé,“Glór duine ag glaoch ar an bhfásach:Ullmhaígí slí an Tiarna,dírígí na cosáin roimhe.”

4 Anois bhíodh éadach de rón camaill ar Eoin, agus crios leathair ar a chom; agus lócaistí agus mil bheach fiáin mar bhia aige.

5 Ba ansin a chuaigh a raibh in Iarúsailéim agus ar fud Iúdaea agus sa cheantar cois Iornáin go dtí é,

6 gur bhaist sé in abhainn an Iornáin iad, agus iad ag admháil a bpeacaí os ard.

7 Ach nuair a chonaic sé cuid mhór de na Fairiséigh agus de na Sadúicéigh ag teacht chuige le baiste a fháil, is é a dúirt sé leo, “A shliocht úd na nathracha! Cé a thug mar rabhadh daoibh éalú ón díbheirg atá le teacht?

8 Tugaigí an toradh is dual don aithrí,

9 agus ná bíodh sé de dhánacht agaibh a rá in bhur n‑intinn féin, ‘Is é Abracham is athair dúinn’; mar táim á insint daoibh, go bhféadann Dia na clocha seo a chur ina seasamh agus clann Abrachaim a dhéanamh díobh.

10 Agus anois féin tá béal na tua leagtha anuas ar bhun na gcrann; agus beidh an crann nach dtugann dea-thoradh uaidh á ghearradh anuas agus á chaitheamh isteach sa tine.

11 “Bímse do bhur mbaisteadh in uisce chun aithrí, ach an té atá ag teacht i mo dhiaidh is mó é ná mise, agus ní fiú mé a chuaráin a iompar; déanfaidh seisean bhur mbaist­eadh leis an Spiorad Naomh agus leis an tine.

12 Tá an dallán ina láimh aige, agus glanfaidh sé a urlár buailte, agus cruinneoidh sé a chruithneacht isteach san iothlainn, ach loiscfidh sé an cháith i dtine nach múchtar.”

13 Ba é sin an t‑am ar tháinig Íosa ó Ghalailí go hlornán chuig Eoin ionas go mbaistfeadh seisean é.

14 Rinne Eoin iarracht ar chúl a chur air, agus dúirt sé, “Cad chuige duit teacht chugam, agus gnótha agam bheith do mo bhaisteadh agatsa?”

15 Ach is é an freagra a thug Íosa air, “Ná diúltaigh mé anois; mar is mar sin is cóir dúinn a dhéanamh leis an bhfíréantacht a chur i gcrích go hiomlán.” Ghéill sé dó ansin.

16 Agus nuair a bhí Íosa baiste, chuaigh sé suas as an uisce gan mhoill, agus b'shiúd doirse na bhflaitheas á n‑oscailt go bhfaca sé Spiorad Dé ag teacht anuas chuige mar a bheadh colm ann ag tuirlingt air;

17 agus b'shiúd an glór ó neamh, á rá, “Is é seo mo mhac ionúin; a bhfuil toil agam ann.”

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28