1 Anois nuair a chríochnaigh Íosa na ráite sin, d'imigh sé ó Ghalailí go ndeachaigh sa réigiún de Iúdaea atá taobh thall den Iornán;
2 agus lean sluaite móra é, agus leigheas sé ansin iad.
3 Agus tháinig Fairiséigh aníos chuige gur chuir féachaint air ag fiafraí de, “An dleathach do dhuine a bhean a chur uaidh ar gach uile chúis?”
4 Ba é a fhreagra, “An é nach bhfuil léite agaibh gur chruthaigh an Cruthaitheoir fireann agus baineann iad i dtús an tsaoil,
5 agus go ndúirt, ‘Dá bhrí sin tréigfidh fear a athair agus a mháthair agus cloífidh sé lena bhean, agus déanfar aon den dís’?
6 Ní dís iad mar sin ach aon. Ná cuireadh an duine ó chéile ar chuir Dia le chéile.”
7 D'fhiafraigh siad de, “Cad chuige mar sin a d'ordaigh Maois do dhuine teastas dealaithe a thabhairt uaidh, agus í a chur uaidh mar sin?”
8 Ar seisean leo, “Is as cruas bhur gcroíthe a lig Maois daoibh bhur mbanchéilí a chur uaibh, ach ní hamhlaidh a bhí ó thús.
9 Agus deirimse libh: Cibé fear a dhealaíos óna bhean, ach mar gheall ar mhí-gheanmnaíocht amháin, agus a phósas bean eile, bíonn sé ag déanamh adhaltranais.”
10 Dúirt na deisceabail leis, “Más amhlaidh an scéal d'fhear agus dá bhanchéile, is fearr gan phósadh.”
11 Ach dúirt sé leo, “Ní féidir leis na fir uile glacadh leis an gcomhairle seo, ach amháin an méid a mbronntar orthu é.
12 Mar tá coillteáin ann a bhí amhlaidh ó bhroinn, agus tá coillteáin ann a ndearna na daoine iad, agus tá coillteáin ann a rinne coillteáin díobh féin de gheall ar ríocht neimhe. An té ar féidir leis glacadh leis seo, glacadh sé leis.”
13 Tugadh leanaí chuige ansin ionas go leagfadh sé a lámha orthu, agus go ndéanfadh sé guí. Chros na deisceabail ar na daoine sin a dhéanamh;
14 ach is é a dúirt Íosa, “Ligigí do na leanaí teacht chugam, agus ná cuirigí cosc leo; mar is lena leithéidí ríocht neimhe.”
15 Agus leag sé a lámha orthu, agus d'imigh sé as sin.
16 Agus b'shiúd duine ag teacht aníos chuige, á rá, “A Oide mhaith, cad é an dea-ghníomh a chaithfeas mé a dhéanamh leis an mbeatha shíoraí a bheith agam?”
17 Agus dúirt sé leis, “Cad chuige duit fiafraí díomsa faoin maith? Tá aon neach amháin ann atá maith. Más mian leat teacht chun na beatha, coinnigh na haitheanta.”
18 Dúirt sé leis, “Cé acu?” Agus dúirt Íosa, “Ná déan dúnmharú, ná adhaltranas, ná goid, ná fianaise bhréige,
19 tabhair onóir do d'athair agus do do mháthair, agus gráigh do chomharsa mar thú féin.”
20 Dúirt an t‑ógánach leis, “Tá siad seo uile comhlíonta agam; cad é atá in easpa orm fós?”
21 Dúirt Íosa leis, “Más mian leat bheith go foirfe, imigh, díol a bhfuil agat agus tabhair do na boicht é, agus beidh stór agat ar neamh, agus tar, agus lean mise.”
22 Nuair a chuala an t‑ógánach an chaint sin d'imigh sé faoi bhrón, mar ba mhór a mhaoin saolta.
23 Agus dúirt Íosa lena dheisceabail, “Deirim go fírinneach libh, go mbeidh sé deacair duamhar d'fhear saibhir dul isteach i ríocht neimhe.
24 Insím daoibh arís, gur fusa do chamall dul trí chró snáthaide ná d'fhear saibhir dul isteach i ríocht Dé.”
25 Nuair a chuala na deisceabail sin bhí iontas mór orthu, agus iad á rá, “Cé mar sin is féidir a shlánú?”
26 Ach d'fhéach Íosa fúthu agus tharstu agus dúirt sé leo, “Is dodhéanta sin do dhaoine, ach níl ní nach bhfuil indéanta ag Dia.”
27 Dúirt Peadar ansin á fhreagairt, “Féach orainne, a thréig gach uile ní agus a lean tusa. Cad é a bhéas againne mar sin?”
28 Arsa Íosa leo, “Deirim go fírinneach libh, sa saol úrnua, nuair a shuífidh Mac an duine ar chathaoir a ghlóire, beidh an dream agaibh a bhíodh do mo leanúint in bhur suí ar dhá chathaoir déag ag tabhairt breithiúnais ar dhá threibh déag Iosrael.
29 Agus níl duine dár fhág ina dhiaidh tithe nó deartháireacha nó deirfiúracha nó athair nó máthair nó leanaí nó tailte, mar gheall ar m'ainmse, nach bhfaighidh a chéad oiread, agus nach mbeidh seilbh aige ar an mbeatha shíoraí.
30 Ach is iomaí duine a bhí ar dtús a bheidh ar deireadh, agus an dream a bhí ar deireadh beidh siad ar dtús.