1 Ba é an t‑am sin a shiúil Íosa ar an tslí trí chuibhrinn na cruithneachta lá na sabóide; bhí an t‑ocras ar a dheisceabail, agus thosaigh siad ar stoitheadh na ndias agus á n‑ithe.
2 Ach nuair a chonaic na Fairiséigh sin, dúirt siad leis, “Féach, tá do dheisceabail ag déanamh ní nach ceadmhach a dhéanamh ar an tsabóid.”
3 ls é a dúirt sé leo, “An é nár léigh sibh faoin rud a rinne Dáibhí, nuair a bhí an t‑ocras air féin, agus ar an dream a bhí ina chuideachta:
4 mar a chuaigh sé isteach i dteach Dé agus a d'ith sé arán na toirbhirte, nár cheadaigh an dlí dó a ithe é féin ná an dream a bhí ina chuideachta, ach do na sagairt amháin?
5 Nó an é nach bhfuil léite agaibh sa dlí mar a bhíonn an tsabóid á sárú ag na sagairt sa teampall, agus gan coir orthu?
6 Deirimse libh go bhfuil neach is mó ná an teampall anseo.
7 Agus dá mbeadh fhios agaibh cad a chiallaíos sé seo, ‘Trócaire is áil liom, agus ní iobairt,’ ní dhaorfadh sibh daoine atá neamhchiontach.
8 Mar tá tiarnas os cionn na sabóide ag Mac an duine.”
9 Chuaigh sé ar aghaidh as sin, go ndeachaigh isteach ina sionagóg siúd.
10 B'shiúd ansin fear a raibh leathlámh sheargtha air. Agus d'fhiafraigh siad de, “An ceadmhach leigheas a dhéanamh ar an tsabóid?”, le cúis a fháil lena chur air.
11 Ar seisean leo, “Cé an fear sin eadraibh, nach bhfuil aige ach aon chaora amháin, más rud é go dtiteann sí i bpoll lá na sabóide, nach mbéarfadh uirthi agus nach dtógfadh amach as í?
12 Nach fiú i bhfad níos mó duine ná caora! Dá bhrí sin de, is ceadmhach an mhaith a dhéanamh ar an tsabóid.”
13 Agus ar seisean ansin leis an bhfear, “Sín do lámh amach uait.” Agus shín an fear amach í, agus rinneadh slán folláin í, dála na leathláimhe eile.
14 Ach chuaigh na Fairiséigh amach go ndeachaigh i gcomhairle le chéile ina aghaidh, conas a chuirfidís deireadh leis.
15 Ní raibh Íosa dall air sin, agus d'imigh sé as sin. Chuaigh mórán ina dhiaidh, agus leigheas sé iad uile go léir,
16 agus d'ordaigh sé dóibh gan a insint go raibh sé ann.
17 Tharla sin leis an ní a dúirt an fáidh Ísáia a chomhlíonadh:
18 “Féach mo sheirbhíseach a thogh mé,mo dhuine ionúin a mbíonn toil ag m'anam ann.Cuirfidh mé air mo Spiorad,agus is é a fhógrós a gceart do na Gintlithe.
19 Ní bheidh sé clamprach ná ardghlórach,agus ní chluinfear a ghuth ar na sráideanna;
20 ní bhrisfidh sé an ghiolcach bhrúiteagus ní mhúchfaidh sé an buaiceas smolchaitego dtugann sé an ceart chun bua;
21 agus is as a ainmsean a bheidh dóchas ag na Gintlithe.”
22 Ba ansin a tugadh chuige balbhán dall a raibh deamhan ann, agus leigheas sé é, i dtreo go raibh idir urlabhra agus amharc ag an mbalbhán.
23 Rinne na daoine uile iontas de, agus dúirt siad, “An féidir gurb é Mac Dháibhí é?”
24 Ach nuair a chuala na Fairiséigh é, dúirt siadsan, “Níl ann ach go ndíbríonn an duine seo deamhain trí Bheelsebúl, prionsa na ndeamhan.”
25 Ar seisean leo agus a dhea-fhios aige cad iad na smaointe a bhí ina n‑intinn, “Níl ríocht a dhealaítear ina héadan féin nach ndéantar fásach di, agus ní sheasóidh an chathair ná an teaghlach a dhealaítear ina éadan féin;
26 agus más rud é go mbíonn Sátan ag díbirt Shátain, tá sé dealaithe ina éadan féin; agus conas a sheasós a ríocht mar sin?
27 Agus más trí Bheelsebúl a dhíbrímse deamhain, cé hé sin a mbíonn bhur mic á ndíbirt tríd? Mar sin bíodh siadsan ina mbreithiúna oraibh.
28 Ach más trí Spiorad Dé a bhímse ag díbirt deamhan, níl amhras nár tháinig ríocht Dé oraibh.
29 Mar conas a théann duine isteach i dteach tréanfhir, agus a thugann sé creach a mhaoine, mura gceanglaíonn sé an tréanfhear i dtús báire? Is cinnte go bhféadann sé creach a dhéanamh ar a theach ansin.
30 An té nach bhfuil ar mo thaobh tá sé i m'aghaidh, agus an té nach mbailíonn liom bíonn sé ag scaipeadh.
31 lnsím daoibh dá bhrí sin, go maithfear gach peaca agus diamhasla do dhaoine, ach nach maithfear an diamhasla a dhéantar in aghaidh an Spioraid.
32 Agus go maithfear cibé focal a labhrófar in aghaidh Mhac an duine; ach an té a labhraíos in aghaidh an Spioraid Naoimh, ní mhaithfear dó é, san aois seo i láthair ná san aois atá le teacht.
33 “Seo nó siúd: déanaigí dea-chrann agus dea-thoradh air, nó drochchrann agus drochthoradh air; mar aithnítear an crann ar a thoradh.
34 A áil na nathracha nimhe! Conas a fhéadann sibh dea-rud a rá, nuair is olc sibh? Mar is as flúirse an chroí a labhraíos an béal.
35 Tugann an dea-dhuine an dea-rud as an dea-stór a bhíos aige, agus tugann an drochdhuine an drochrud as a dhrochstórsan.
36 Táim á insint daoibh, go gcaithfidh na daoine, lá an bhreithiúnais, míniú a thabhairt ar gach briathar éadrom dá sciurdann orthu;
37 mar is as do bhriathra a thabharfar saorbhreith ort, agus is as do bhriathra a thabharfar daorbhreith ort.”
38 Ba ansin a dúirt cuid de na scríobhaithe agus de na Fairiséigh leis, “A Oide, ba é ba mhaith linn comhartha a fheiceáil uait.”
39 Ach is é an freagra a thug sé orthu, “Bíonn an ghlúin seo an oilc agus an adhaltranais ag iarraidh comhartha; ach ní thabharfar aon chomhartha di ach comhartha an fháidh Ióna.
40 Ó mar a bhí Ióna trí lá agus trí oiche i mbolg an mhíl mhóir, is amhlaidh a bheidh Mac an duine trí lá agus trí oiche i gcroí-lár an talaimh.
41 Éireoidh fir Ninebhe nuair a chuirfear breithiúnas ar an nglúin seo agus daorfaidh siad í; mar rinne siadsan aithrí le seanmóireacht Ióna, agus is mó ná Ióna an neach atá i láthair agaibh anseo.
42 Éireoidh banríon an domhain theas nuair a chuirfear breithiúnas ar an nglúin seo agus daorfaidh sí í; mar tháinig sí ón gceann ab fhaide den talamh a éisteacht le heagnaíocht Sholaimh, agus is mó ná Solamh an neach atá agaibh i láthair anseo.
43 “Nuair a bhíonn an sprid neamhghlan imithe as duine, siúlann sí na háiteanna gan uisce ag iarraidh suaimhnis, ach ní bhíonn an suaimhneas le fáil aici.
44 Is é a deir sí ansin, ‘Fillfidh mé ar mo theachsa ar tháinig mé amach as.’ Agus nuair a thagann sí, faigheann sí é agus é folamh, scuabtha, slachtmhar.
45 Imíonn sí léi ansin go nglacann chuici mór-sheisear sprid is measa arís ná í féin, agus téann siad isteach go ndéanann siad cónaí ann; agus is measaide críoch dheireanach an duine úd ná a thús. Is amhlaidh a bheidh leis an nglúin seo an oilc.”
46 Nuair a bhí sé go fóill ag rá na cainte sin leis na daoine, b'shiúd a mháthair agus a dheartháireacha ina seasamh taobh amuigh, agus iad ag iarraidh dul chun cainte leis.
48 Ach ar seisean leis an té a d'inis dó é, “Cé hí mo mháthair, agus cé hiad mo dheartháireacha?”
49 Agus shín sé a lámh amach uaidh i dtreo a dheisceabal, agus dúirt sé, “Seo iad mo mháthair agus mo dheartháireacha!
50 Mar cibé duine a bhíos ag déanamh toil m'Athar atá ar neamh, is deartháir, agus is deirfiúr, agus is máthair dom an duine sin.”