Matha 26 OC1970

1 Nuair a bhí na ráite seo uile críochnaithe ag Íosa, dúirt sé lena dheisceabail,

2 “Tá a fhios agaibh go dtiocfaidh an cháisc dhá lá ina dhiaidh seo, agus go mbeidh Mac an duine le tabhairt suas chun a chéasta.”

3 Ba ansin a chruinnigh na hardsagairt agus seanóirí an phobail i bpálás an ardsagairt, darbh ainm Caiafas,

4 agus chuaigh siad i gcomhairle chun Íosa a ghabháil agus a mharú os íseal.

5 Ach dúirt siad, “Ná bíodh sin ann in am na féile ar eagla go n‑éirí gleo i measc na ndaoine.”

6 Anois nuair a bhí Íosa i mBétáin i dteach Shíomóin an lobhar,

7 tháinig an bhean aníos chuige agus searróg alabastair aici d'uinnimint chostasach, agus dhoirt sí ar a cheann í, agus é ina shuí chun boird.

8 Ach bhí fearg ar na deisceabail nuair a chonaic siad é agus dúirt siad, “Cad chuige seo a chur amú?

9 Mar d'fheadfaí an uinnimint seo a dhíol ar shuim mhór airgid, agus a roinnt ar na daoine bochta.”

10 Ní raibh sin ceilte ar Íosa, agus dúirt sé, “Cad chuige daoibh an bhean seo a chiapadh? Is álainn an gníomh atá déanta aici orm.

11 Mar bíonn na boicht agaibh i gcónaí, ach ní bheidh mise agaibh i gcónaí.

12 Ag doirteadh na huinniminte seo orm rinne sí réidh mo chorpsa chun a adhlactha.

13 I bhfírinne, insím daoibh nach mbeidh áit ar fud an domhain, ina gcraobhscaoilfear an soiscéal seo, nach mbeidh an ní a rinne sí á insint lena cuimhne a choinneáil beo.”

14 Chuaigh duine ansin den dáréag, a raibh Iúdás Iscariót mar ainm air, chuig na hardsagairt

15 go ndúirt leo, “Cad é sin a thabharfas sibh dom má chuirim idir bhur lámha é?” Agus d'íoc siad tríocha bonn d'airgead geal leis.

16 Agus ón bpointe úd amach bhí sé ag faire na faille le fealladh air.

17 Anois an chéad lá de laethanta an aráin gan laibhín tháinig na deisceabail chuig Íosa, á fhiafraí de, “Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh orainn bheith ag déanamh réidh ionas go n‑ithe tú an cháisc?”

18 Ar seisean, “Gabhaigí isteach sa chathair chun a leithéid seo de dhuine agus abraigí leis, ‘Is é a deir an tOide, tá m'amsa i bhfogas; beidh mise agus mo dheisceabail ag comóradh na cásca i do theachsa.’”

19 Agus rinne na deisceabail mar a thaispeáin Íosa dóibh, agus rinne siad réidh don cháisc.

20 Nuair a bhí sé ina thráthnóna, shuigh sé chun boird é féin agus an dáréag deisceabal.

21 Agus nuair a bhí siad ag ithe, dúirt sé leo, “Is fírinneach a deirim libh, go bhfeallfaidh duine agaibh ormsa.”

22 Agus chuir sin brón ar a gcroíthe agus thosaigh siad ar a rá leis ina nduine agus ina nduine, “An mise é, a Thiarna?”

23 D'fhreagair sé, “An duine a thom a lámh in aon mhias liom, is é a fheallfas orm.

24 Siúlfaidh Mac an duine mar atá scríofa faoi, ach is mairg a fheallfas ar Mhac an duine! B'fhearr don duine úd gan teacht ar an saol riamh.”

25 Dúirt Iúdás, an té a rinne an feall air, leis, “An mise é, a mháistir?” Ar seisean leis, “Is tú a dúirt é.”

26 Anois nuair a bhí siad ag ithe, ghlac Íosa arán, agus bheannaigh agus bhris sé é, agus thug sé do na deisceabail é, agus dúirt sé, “Glacaigí, ithigí, is é seo mo chorp.”

27 Agus ghlac sé an cupán, agus d'altaigh sé é agus thug dóibh é, á rá, “Ólaigí uile as;

28 mar is í sin m'fhuil, fuil an nuachúnaint, a dhoirtear mar gheall ar mhórán le haghaidh mhaithiúnas na bpeacaí.

29 Táim ag insint daoibh nach n‑ólfaidh mé an toradh seo na fíniúna arís go dtí go n‑ólfaidh mé nua é in bhur gcuideachta i ríocht m'Athar.”

30 Agus i ndiaidh iomann a chanadh, d'imigh siad leo go Cnoc na nOlóg.

31 Dúirt Íosa leo ansin, “Clisfidh sibh uile go léir orm anocht; mar tá sé scríofa, ‘Buailfidh mé buille ar an aoire, agus scaipfear caoirigh an tréada.’

32 Ach beifear do mo thógáil arís, agus ina dhiaidh sin imeoidh mé go Galailí romhaibh.”

33 Dhearbhaigh Peadar dó, “Má chliseann siad uile go léir ort, ní chlisfidh mise ort.”

34 Arsa Íosa leis, “Deirim i bhfírinne leat, an oíche seo féin, sula nglaonn an coileach, déanfaidh tú mé a shéanadh faoi thrí.”

35 Arsa Peadar leis, “Má tá ar mo chrann bás a fháil i do chuideachta, ní shéanfaidh mé thú.” Agus dúirt na deis­ceabail uile mar an gcéanna.

36 Chuaigh Íosa leo ansin go dtí áit ar tugadh Getsemaní uirthi, agus dúirt sé lena dheisceabail, “Suígí anseo, go dté mé anonn ansin agus go ndéana mé urnaí.”

37 Agus thug sé leis Peadar agus beirt mhac Shebidé, agus thosaigh tromualach bróin agus buartha ar thitim air.

38 Dúirt sé leo ansin, “Tá m'anam á chrá go mór le brón go bás; fanaigí anseo ag faire liom.”

39 Agus chuaigh sé ar aghaidh beagán gur thit ar a bhéal agus gur ghuigh sé, “A Athair liom, más féidir é, scaoil an cupán seo tharm; ach san am céanna ná bíodh sé mar is toil liomsa, ach mar is toil leatsa.”

40 Agus tháinig sé chuig na deisceabail go bhfuair ina gcodladh iad; agus dúirt sé le Peadar, “Nár fhéad tú mar sin faire aon uaire a dhéanamh liom?

41 Fairigí agus guígí nach gcuirfear cathú oraibh; mar dá mhéid í dea-thoil an anama, bíonn an cholainn lag.”

42 D'imigh sé arís an dara huair agus rinne sé urnaí, “A Athair liom, mura bhféadtar seo a chur thart gan mé á ól, do thoil go raibh déanta.”

43 Agus tháinig sé arís go bhfuair ina gcodladh iad, mar ba mharbh a súile leis an gcodladh.

44 D'fhág sé mar sin iad gur imigh arís go ndearna urnaí an tríú huair, agus na focail chéanna á rá aige.

45 D'fhill sé ar na deisceabail ansin agus ar seisean leo, “An bhfuil sibh in bhur gcodladh go fóill ag glacadh bhur scíste? Féachaigí, tá an t‑am buailte linn, agus tugadh go fealltach Mac an duine i lámha na bpeacach.

46 Éirígí agus imímis; féachaigí, seo chugainn an té a rinne an feall orm.”

47 Ni raibh an focal as a bhéal, nuair a tháinig Iúdás, duine den dáréag, agus slua mór leis ó na hardsagairt agus ó sheanóirí an phobail agus claimhte agus bataí acu.

48 Anois bhí comhartha tugtha dóibh ag an bhfealltóir, agus é ráite aige, “An fear a dtabharfaidh mé póg dó, is é sin an duine atá uaibh; beirigí air.”

49 Agus ní dhearna sé aon mhoill ag teacht aníos chuig Íosa agus dúirt sé, “Fáilte romhat, a mháistir!” agus thug sé póg dó.

50 Agus dúirt Íosa leis, “A chara, cad é a thug anseo thú?” Tháinig siadsan aníos ansin gur leag siad a lámha ar Íosa agus gur ghabh siad é.

51 Agus b'shiúd duine de lucht leanúna Íosa a shín a lámh agus a tharraing a chlaíomh, agus a bhuail buille ar mhogh leis an ardsagart agus a bhain a leathchluas de.

52 Ansin dúirt Íosa leis, “Cuir do chlaíomh san áit is dual dó; mar níl duine dá dtéann i muinín an chlaíomh nach dtabharfaidh an claíomh a bhás.

53 An síleann sibh nach féidir liom a iarraidh ar m'Athairse, agus an síleann sibh nach gcuirfidh sé breis agus deich léigiún d'aingil chugam ar an toirt?

54 Ach dá ndéantaí amhlaidh, conas a chomhlíonfaí an scrioptúr a deir go gcaithfidh sé bheith mar seo?”

55 San uair chéanna arsa Íosa leis na sluaite, “Ar tháinig sibh amach do mo ghabháil agus claímhte agus bataí agaibh, ionann is dá mbeadh sibh ag teacht amach in éadan bithiúnaigh éigin? Bhí mé i mo shuí ó lá go chéile sa teampall agus mé ag teagasc, agus gan sibh mé a ghabháil.

56 Ach tharla seo uile ionas go gcomhlíonfaí scríbhinní na bhfáithe.” Ba ansin a thréig na deisceabail uile é agus a d'éalaigh siad leo.

57 An dream a ghabh Íosa, threoraigh siad ansin é chuig teach Chaiafas an t‑ardsagart, áit a raibh na scríobhaithe agus na seanóirí cruinnithe.

58 Ach lean Peadar é tamall uaidh, chomh fada le cúirt an ardsagairt, agus chuaigh sé isteach gur shuigh faoi i gcuideachta na ngardaí go bhfeicfeadh sé an deireadh a bheadh air.

59 Anois bhí na hardsagairt agus an chomhairle uile ag iarraidh fíanaise bhréige a fháil in aghaidh Íosa ionas go gcuirfeadh siad chun báis é,

60 ach ní bhfuair siad aon fhíanaise ina éadan, cé gur tháinig mórán finnéithe bréige chun tosaigh. Sa deireadh tháinig beirt chun tosaigh

61 agus dúirt siad, “Dúirt an duine seo, ‘Is féidir liom teampall Dé a scríosadh agus a thógáil arís i seal trí lá.’”

62 Agus d'éirigh an t‑ardsagart ina sheasamh agus dúirt sé, “Nach bhfuil aon fhreagra le tabhairt agat? Cad é sin a dhearbhaíos na fir seo i d'éadan?”

63 Ach bhí Íosa ina thost. Agus dúirt an t‑ardsagart leis, “Cuirim ort, as ucht an Dé bhí, a insint dúinn más tú an Críost, Mac Dé.”

64 Dúirt Íosa leo, “Is tú a dúirt é. Ach insím duit, go bhfeicfidh tú san am atá romhainn Mac an duine ina shuí ar dheasláimh na cumhachta, agus é ag teacht i néalta neimhe.”

65 Réab an t‑ardsagart a róbaí ansin, agus dúirt sé, “Tá diamhasla ráite aige lena bhéal. Cad é an gnó atá agaibh le tuilleadh finnéithe? Tá sibh anois tar éis an diamhasla sin a chluinstín óna bhéal.

66 Cad i an bhreith a thugas sibh?” D'fhreagair siadsan, “Tá an bás tuillte aige.”

67 Chaith siad a seile ar a leiceann ansin, agus bhuail siad é; agus bhuail cuid acu lena mbosa é,

68 á rá, “Déan fáistine dúinn, tusa atá i do Chríost? Cé hé sin a bhuail thú?”

69 Anois bhí Peadar ina shuí amuigh sa chúirt. Agus tháinig cailín aimsire aníos chuige, agus dúirt sí, “Bhí tusa i gcuideachta Íosa Galailéigh freisin.”

70 Ach shéan sé é os comhair an iomláin acu, agus dúirt sé, “Ní thuigim cad é atá tú á rá.”

71 Agus nuair a chuaigh sé amach sa phóirse, chonaic cailín aimsire eile é, agus dúirt sí leis na fir a bhí ina seasamh thart, “Bhí an duine seo i gcuideachta Íosa an Nasarthach.”

72 Agus shéan sé arís é agus thug sé míonna, “Níl aithne agam ar an duine úd.”

73 Tamall gairid ina dhiadh sin tháinig na fir a bhí ina seasamh thart chuig Peadar agus dúirt siad leis, “Scéal cinnte go bhfuil tusa ar dhuine acu, mar tá sin le léamh ar bhlas do chainte.”

74 Thosaigh sé ansin ar thabhairt na mionn agus ag glaoch mallachtaí air féin nach raibh aithne aige ar a leithéid de dhuine. Agus ar an móimint sin ghlaoigh an coileach.

75 Agus chuimhnigh Peadar ansin ar an gcaint a dúirt Íosa, “Sula nglaonn an coileach, séanfaidh tú faoi thrí mé.” Agus chuaigh sé amach agus chaoin sé go géar goirt.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28