19 Nuair a thabharfar ar láimh sibh, ná bíodh aon imní oraibh faoi chaoi ná faoi ábhar bhur gcainte; mar bronnfar oraibh in alt na huaire úd an ní a bheidh le rá agaibh;
20 Mar ní sibh féin a bheidh ag labhairt, ach Spiorad bhur nAthar a bheidh ag labhairt as bhur mbéal.
21 Tabharfaidh an bráthair an bráthair lena bhású, agus an t‑athair an chlann, agus éireoidh an chlann amach in aghaidh a dtuismitheoirí go dtuga siad orthu bheith á gcur chun báis;
22 agus beidh fuath ag an saol oraibh mar mhaithe le m'ainmse. Ach an té a bhíos buan-seasmhach go deireadh is é a shlánófar.
23 Nuair a chuireann siad géarleanúint oraibh i mbaile mór amháin, teithigí go dtí baile mór eile; mar deirim libh go fíor, nach mbeidh bailte móra Iosrael uile siúlta agaibh, go dtaga Mac an duine.
24 “Ní fearr an deisceabal ná oide a mhúinte, agus ní fearr an seirbhíseach ná a mháistir;
25 is leor don deisceabal bheith mar a oide, agus is leor don seirbhíseach bheith mar atá a mháistir. Má thug siad Beelsebúl ar mháistir an tí, nach mó go mór a thabharfaidh siad gach drochainm is measa ná a chéile ar lucht a theaghlaigh?