27 An ní a insím daoibh faoi dhorchadas, fógraigí an ní sin sa solas; agus an ní a chluineas sibh i gcogar, foilsigí os ard é i mullaí na dtithe.
28 Agus ná bíodh eagla oraibh roimh an dream a mharaíos an corp agus nach féidir leo an t‑anam a mharú, ach ina ionad sin bíodh eagla oraibh roimh an té sin arbh fhéidir leis idir chorp agus anam a scriosadh in ifreann.
29 Nach ndíoltar dhá ghealbhan ar phingin? Agus ní thitfidh aon ghealbhan acu chun talaimh mura dtoilíonn bhur nAthair é.
30 Ach bíonn go fiú ribí bhur gcinn á gcomhaireamh.
31 Ná bíodh eagla oraibh mar sin; is fiú mórán níos mó ná a lán gealbhan sibh.
32 Dá bhrí sin de, an té sin a admhaíos mé os comhair na ndaoine, admhóidh mé é os comhair m'Athar atá ar neamh;
33 ach an té a shéanas mé os comhair na ndaoine, séanfaidh mise é os comhair m'Athar atá ar neamh.