4 Séamas mac Alfaeus, agus Tadéus; Síomón an Cánaníteach, agus Iúdás Iscariót, an té a rinne scéal air.
5 Chuir Íosa an dáréag sin amach uaidh, agus is é a d'ordaigh sé dóibh, “Ná buailigí an bealach a théas chun na nGintlithe, agus ná gabhaigí isteach in aon chathair Shamaratánach,
6 ach tugaigí tús áite do na caoirigh sheachráin is le teaghlach Iosrael.
7 Agus bígí ag fógairt sa siúl daoibh, ‘Tá ríocht na bhflaitheas i bhfogas.’
8 Leigheasaigí na daoine breoite, tógaigí na marbháin, glanaigí na Iobhair, díbrígí na deamhain. Fuair sibh saor in aisce, tugaigí uaibh saor in aisce.
9 Ná hiompraígí airgead buí, geal ná rua faoi bhur gcriosanna.
10 Ná bíodh aon mhála agaibh le haghaidh bhur n‑aistir, ná dhá léine, ná cuaráin, ná bata agaibh; mar is fiú an t‑oibrí a chuid a thabhairt dó.