36 Táim á insint daoibh, go gcaithfidh na daoine, lá an bhreithiúnais, míniú a thabhairt ar gach briathar éadrom dá sciurdann orthu;
37 mar is as do bhriathra a thabharfar saorbhreith ort, agus is as do bhriathra a thabharfar daorbhreith ort.”
38 Ba ansin a dúirt cuid de na scríobhaithe agus de na Fairiséigh leis, “A Oide, ba é ba mhaith linn comhartha a fheiceáil uait.”
39 Ach is é an freagra a thug sé orthu, “Bíonn an ghlúin seo an oilc agus an adhaltranais ag iarraidh comhartha; ach ní thabharfar aon chomhartha di ach comhartha an fháidh Ióna.
40 Ó mar a bhí Ióna trí lá agus trí oiche i mbolg an mhíl mhóir, is amhlaidh a bheidh Mac an duine trí lá agus trí oiche i gcroí-lár an talaimh.
41 Éireoidh fir Ninebhe nuair a chuirfear breithiúnas ar an nglúin seo agus daorfaidh siad í; mar rinne siadsan aithrí le seanmóireacht Ióna, agus is mó ná Ióna an neach atá i láthair agaibh anseo.
42 Éireoidh banríon an domhain theas nuair a chuirfear breithiúnas ar an nglúin seo agus daorfaidh sí í; mar tháinig sí ón gceann ab fhaide den talamh a éisteacht le heagnaíocht Sholaimh, agus is mó ná Solamh an neach atá agaibh i láthair anseo.