1 An lá céanna d'imigh Íosa amach as an teach gur shuigh ar chladach na farraige.
2 Chruinnigh sluaite móra ina thimpeall, ar chaoi go ndeachaigh sé ar bord báid go raibh ina shuí ansin, agus an slua uile ina seasamh ar an trá.
3 Agus b'iomaí sin ní a d'inis sé dóibh i bhfáithscéalta, agus dúirt sé: “Chuaigh síoladóir amach a chur síl.
4 Nuair a bhí sé ag cur an tsíl, thit cuid de na síolta ar imeall an chosáin, agus tháinig na héin gur ith siad iad.
5 Thit síolta eile ar thalamh creagach, nach raibh móran úire fúthu ann, agus tháinig fás tobann orthu, ó nach raibh aon doimhneacht úire acu.
6 Ach nuair a d'éirigh an ghrian go hard sa spéir dódh iad; agus ó nach raibh aon fhréamh acu shearg siad leo as.
7 Thit síolta eile i measc na ndriseog, agus d'fhás na driseoga aníos gur thacht siad iad.