18 “Éistigí mar sin le fáithscéal an tsíoladóra.
19 Nuair a chluineann aon duine briathar na ríochta gan a thuiscint, is é rud, tagann an drochsprid agus sciobann sí ar shiúl an síol a cuireadh ina chroí; is é sin an méid a cuireadh ar imeall an chosáin.
20 I dtaca leis an síol a cuireadh sa talamh creagach, is é sin an té a chluineas an briathar agus a ghlacas leis go háthasach gan mhoill;
21 an té nach bhfuil aon fhréamh ann, agus nach maireann ach seal, mar nuair a éirionn aon chrá nó géarleanúint i dtaobh an bhriathair, glacann sé fuath dó gan mhoill.
22 I dtaca leis an síol a cuireadh i measc na ndriseog, is é sin an té a éisteas leis an mbriathar, ach go mbíonn imní an tsaoil agus cluain an tsaibhris ag tachtadh an bhriathair, sa chaoi nach mbíonn toradh air.
23 Ach i dtaca leis an síol a cuireadh i ndea-úir mhéith, is é sin an té a chluineas an briathar agus a thuigeann é; is é a thugann toradh uaidh, uaireanta faoi chéad, agus uaireanta faoi sheasca, agus uaireanta eile faoi thríocha.”
24 Chuir sé fáithscéal eile rompu, agus dúirt sé, “Féadtar ríocht na bhflaitheas a chur i gcosúlacht le fear a chuir dea-shíol ina chuibhreann;