24 Chuir sé fáithscéal eile rompu, agus dúirt sé, “Féadtar ríocht na bhflaitheas a chur i gcosúlacht le fear a chuir dea-shíol ina chuibhreann;
25 ach nuair a bhí daoine ina gcodladh, tháinig an namhaid a chur cogail i measc na cruithneachta agus d'imigh sé leis.
26 Nuair a d'fhás an geamhar aníos agus a tháinig na diasa, nochtadh an cogal freisin.
27 Agus tháinig seirbhísigh fhear an tí chuige go ndúirt siad leis, ‘A dhuine uasail, nach é an dea-shíol a chuir tú i do chuibhreann? Conas atá an cogal ann?’
28 Ar seisean leo, ‘Is namhaid a rinne seo orm.’ D'fhiafraigh na seirbhísigh de ansin, ‘An toil leat sinne a dhul á bhailiú?’
29 Ach is é a dúirt sé, ‘Ná déanaigí sin; ar eagla go stróicfeadh sibh an chruithneacht as a fréamhacha agus sibh ag cruinniú an chogail.
30 Ligigí don dá chuid fás i gcuideachta go dtí an fómhar; agus in am an fhómhair is é a déarfas mé leis na buanaithe. Cruinnígí an cogal an chéad uair, agus ceanglaígí ina bhearta é lena dhó, ach cruinnígí an chruithneacht isteach i m'iothlainn.’”