29 Ach is é a dúirt sé, ‘Ná déanaigí sin; ar eagla go stróicfeadh sibh an chruithneacht as a fréamhacha agus sibh ag cruinniú an chogail.
30 Ligigí don dá chuid fás i gcuideachta go dtí an fómhar; agus in am an fhómhair is é a déarfas mé leis na buanaithe. Cruinnígí an cogal an chéad uair, agus ceanglaígí ina bhearta é lena dhó, ach cruinnígí an chruithneacht isteach i m'iothlainn.’”
31 Chuir sé fáithscéal eile rompu, go ndúirt, “Is cosúil ríocht na bhflaitheas le gráinne de shíol mustaird ar ghlac fear é agus ar chuir sé ina chuibhreann é;
32 is é an síol is lú ar shíolta é, ach nuair a fhásas sé níl tom is mó ná é agus bíonn sé ina chrann, agus tagann éanlaith an aeir a dhéanamh neadacha ina chraobhacha.”
33 D'inis sé fáithscéal eile dóibh, “Is cosúil ríocht na bhflaitheas le laibhín a ghlac bean chuici gur fholaigh é i dtrí mhiosúr de phlúr, go dtí gur ghlac an t‑iomlán de an laibhín.”
34 Dúirt Íosa é sin uile leis na sluaite i bhfáithscéalta; ar ndóigh ní dúirt sé aon ní leo siúd gan fáithscéal.
35 Tharla sin mar thuar ar an tairngreacht:“Osclóidh mé mo bhéal i bhfáithscéalta,nochtfaidh mé ar folaíodh ó bhunú an domhain.”