35 Tharla sin mar thuar ar an tairngreacht:“Osclóidh mé mo bhéal i bhfáithscéalta,nochtfaidh mé ar folaíodh ó bhunú an domhain.”
36 D'fhág sé na sluaite ansin go ndeachaigh isteach sa teach. Agus tháinig a dheisceabail chuige, go ndúirt siad leis, “Mínigh dúinn fáithscéal chogal an chuibhrinn.”
37 Ba é a fhreagra, “An té a chuireas an dea-shíol, is é Mac an duine é;
38 is é an cuibhreann an domhan, agus is é a chiallaíos an dea-shíol, clann mhac na ríochta; is é an cogal clann an áibhirseora,
39 is é an namhaid a chuir é an diabhal; is é an fómhar deireadh na haoise, agus is iad na buanaithe na haingil.
40 Mar a chruinnítear an cogal agus mar a dhóitear sa tine é, is amhlaidh a bheidh ag deireadh na haoise.
41 Cuirfidh Mac an duine uaidh a aingil, agus cruinneoidh siad amach as a ríocht a mbíonn ina gcionn-siocair peaca,