49 Is amhlaidh a bheidh ag deireadh na haoise. Tiocfaidh na haingil a scaradh lucht an oilc as measc na bhfíréan,
50 agus caithfidh siad i bhfoirnéis na tine iad; an áit a mbeidh deora agus díoscán fiacal ann.
51 “Ar thuig sibh sin uile?” “Thuig,” ar siadsan leis.
52 Agus ar seisean leo, “Mar sin de, gach scríobhaí dá bhfuair foghlaim le haghaidh ríocht na bhflaitheas, is cosúil é le fear cinn teaghlaigh a bhíos ag tabhairt amach sean agus nua as a bhfuil aige.”
53 Nuair a bhí críoch curtha ar na fáithscéalta seo ag Íosa, d'imigh sé as an áit úd,
54 agus tháinig sé go dtí a dhúiche féin gur theagasc dóibh ina sionagóg, ar chaoi a chuir iontas orthu, agus ar siadsan, Cá has a bhfuil an eagna seo agus na móroibreacha seo ag an duine seo?
55 Nach é seo mac an tsaor adhmaid? Nach Muire atá mar ainm ar a mháthair? Nach iad Séamas agus Iósaf agus Síomón agus Iúdás a dheartháireacha?